Derry Sinn Fein Sinn Féin -- Building an Ireland of Equals

Seasaigí Suas do Dhoire

Na cúig phríomhéileamh:

1. 2,000 Post le híocaíocht níos fearr agus uasghrádú den Ollscoil Uladh ag Coláiste Mhig Aoidh.

2. 200,000 turasóir sa bhreis in aghaidh na bliana.

3. Cuir forbairt an mhótarbhealaigh agus an iarnróid i ngíomh ar an toirt.

4. Tithíocht ar phraghas réasúnta: 3,000 teach nua.

5. Seirbhísí do leigheas ar ailse a bheith suite san Iarthuaisceart.

Fo-infheistíocht, dífhostaíocht, Faillí

Bhainfinn feidhm as na focail thuas chun blianta mírialaithe sa chathair seo a léiriú. Is beag an difear é cé acu go ndéanaim tagairt do 1967 nuair a tugadh gonc don ollscoil nua a bheith suite i nDoire nó sa bhliain 2007 maidir le forbairt na seirbhísí ailse sa chathair seo. Is soiléir go bhfuil Doire ar chúl san ord tábhachta go fóill. Dá bharr sin, lainseáil Sinn Féin an feachtas 'Seasaigí suas do Dhoire' chun daoine a spreagadh le tacaíocht a thabhairt do na cúig phríomhéileamh thuas