Cruinniú fiúntach leis an Aire Bonneagair

Chruinnigh CRT Sinn Féin, Martina Nic Andarsain, ar an Aire Bonneagair Nicola Mallon le comharthaíocht dhátheangach ar iompair phoiblí agus tograí teanga eile a phlé.

Dúirt an CTR ar Fheabhal:

‘Bhí cruinniú fiúntach againn leis an Aire le comharthaíocht dhátheangach i nDoire agus ar fud na sé chontae a phlé.’

‘Tá an chomharthaíocht dhátheangach ar an tSeirbhís Glider i mBéal Feirste i ndiaidh cur go mór le feiceálacht na teanga le míonna beaga anuas.’

‘D’iarr muid ar an Aire an cur chuige céanna a mheas i nDoire agus ar na seirbhísí Translink trasteorann.’

‘Labhair muid ar an borradh faoin éileamh ar chomharthaí dátheangacha ónár athraigh Comhairle Dhoire a polasaí.’

‘Cuirfidh an reachtaíocht teanga romhainn creat bunaithe ar dea-chleachtas idirnáisiúnta ar fáil ina bhfaighidh Airí treoir.

‘Tá súil againn leanstan leis na comhráití seo sna míonna amach romhainn.’