Cur le chéile ag teastáil chun beart a dhéanamh de réir bhriathair ar Mhag Aoidh

10943651_349116878605532_19972503230405095_n50 bliain tar éis Thuairisc Lockwood a mhol bunú Ollscoil nua i gCúil Raithin in ionad Dhoire, beidh an-aird ar an fheachtas reatha le haghaidh leathnú Mhig Aoidh.

Aontaím nach mór dúinn an brú a mhéadú ar an Aire FL Stephen Farry chun an gealltanas don ‘One Plan’ sa Chlár um Rialtas a sheachadadh, agus ina bhfuil leathnú Mhig Aoidh ina chuid thábhachtach maidir le hathghiniúint réigiúnach.

Ach ní mór seo a dhéanamh, chan trí phointí a scóráil ag polaiteoirí aonair ach le cur le chéile agus guth amháin ag teacht amach as réigiún an iarthuaiscirt ag éileamh an mhéid ar chóir a bheith againn 50 bliain ó shin.

Tá gá le héagóir an chinnte stadás ollscoile a bhaint de Dhoire i 1965 a cheartú.

Thig linn go léir méara a dhíriú i gcibé treo a oireann dúinn go polaitiúil ach ní bhainfidh sé sin amach an t-athrú atá de dhíth chun an toradh atá uainn uilig a chur i gcrích.  An rud a bhí ar iarraidh le caoga bliain anuas ná an toil phoilaitiúil chun Ollscoil do Dhoire a bhaint amach.  Tá an toil pholaitiúil sin ann anois.

Tá cúrsaí difriúil anois agus an leasChéad Aire ar a dhícheall cur lena focal maidir le tionscadal Mhig Aoidh, beidh an Chomhairle leathnaithe nua agus cumhachtaí méadaithe aici ag feidhmiú in Aibreán agus tá an tírdhreach polaitiúil athraithe go hiomlán.

Tugann sé seo ar fad fócas nua don scéal, agus brúfaidh bunú an Fhoghrúpa Aireachta ar an Iarthuaisceart ag Martin McGuinness an próiseas athraithe a thabharfaidh an t-údarás polaitiúil atá ag teastáil i bhfeachtas Mhig Aoidh.

Ní de thaisme gur thug Martin cuireadh don Aire Breis-Oideachais a bheith ar an fhoghrúpa agus ó d’aontaigh Stephen Farry a bheith páirteach credim go léiríonn sin go bhfuil sé toilteanach ar a laghad tabhairt faoin chás ar son leathnaithe.  Chuir sé in iúl cheana go bhfuil sé de rún aige faoi cheann cúpla mí tairiscint don £11 mhílliún atá de dhíth chun an bloc nua teagaisc a thógáil ag Mag Aoidh i mbliana.  Tacóidh Sinn Féin don tairiscint sin a bheidh ina mórinfheistíocht agus leathnú fisiciúil ag Mag Aoidh.

Dhírigh an tAire fosta aird ar an phoitéinseal de mhéadú suntasach i líon na mac léinn i mandáid an Tionóil nua a thosnaíonn ar an bhliain seo chugainn.  Chun sin a bhaint amach, ní mór dúinn an toil pholaitiúil atá ginte ag tionscnamh foghrúpa Mhartin McGuinness a neartú.  Is í sin an dóigh is fearr le cinntiú go bhfuil Mag Aoidh  ina phríoracht ag gach Aire san Fheidhmeannas.

Cé gur fearr le cuid polaiteoirí aon fhreagracht as chliseadh roimhe a shraonadh óna bpáirtí féin – in ainneoin chúram aireachta na nOllscoileanna a bheith acu sna Feidhmeannais roimhe seo – creidim go bhfuil cur le chéile de dhíth le cinntiú go bhfaighfear leathnú Mhig Aoidh.

Láithreach, ní mór brú a dhíriú ar an áit a bhfuil an chumhacht chinnteoireacht.  Is é sin le hOllscoil Uladh a bhfuil an fhreagracht dheiridh aici as scaipeadh an mhaoinithe a thugtar di ag an Aire Farry.  Tá rogha aici fosta úsáid a bhaint as Banc Infheistíochta na hEorpa mar a rinneadh chun a Campas úr i mBéal Feirste a mhaoiniú.

Tá súil agam go mbeidh Leas-Seansailéir nua OU radacach ina uaillmhian agus ina fhís maidir le forbairt Mhig Aoidh.  Más ea, ba chóir dó tosnú le cinneadh na seachtaine seo caite líon cúrsaí ag Mag Aoidh a ghearradh a mhalartú.

Tá cás gnó an-láidir ar son leathnaithe faoi láthair ag an Aire Farry, cás atá aontaithe ag an Comhlachas Tráchtála, Comhairle Cathrach Dhoire agus Ollscoil Uladh Mag Aoidh.  Ceapaim gur chóir do Leas-Seansailéir nua OU an chomhaontú seo a aithint agus leathnú Mhig Aoidh a sheachadadh, rud atá ríthábhachtach d’athghiniúint eacnamaíochta an iarthuaiscirt.

Is campas trasteorann é Mag Aoigh maidir le mic léinn a tharraingt agus tá ról mór aige i dtionscnamh Thairseach Oideachais an Iarthuaiscirt.  Beidh fócas glan ag straitéis eacnamaíochta iomlánaithe Chomhairle nua Dhoire agus an tSratha Báin ar leathnú Mhig Aoidh a chomhlánófar, dá réir sin, ag uaillmhianta Choláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt creidiúnú a sholáthar dá mhic léinn in ábhair ETIM chun cúrsaí uaschéime a éascú ag Mag Aoidh.

Leathchéad tar éis Lockwood, tá Doire fós ag déileáil le leagáid an chinnte scannalaigh úd.  Creidim, áfach go bhfuil an toil pholaitiúil agus na coinníolacha againn anois an leagáid úd a cheartú trí leathnú Mhig Aoidh a chinntiú.  Tá sé seo agus níos mó tuillte ag an chathair seo agus óige s’againne.

Trí chur le chéile, thig linn a dhéanamh.